Séamus Ó Conghaile
(1868-1916)

Introduction
History
Biographies
Political Parties
Links
Downloads
    Séamus Ó Conghaile Rugadh an Conghaileach i gceantar Éireannach Dhún Éideann i Mí Mheitheamh 1868. Bhí ar a thuismitheoirí a dtír dúchais a fhágáil mar gheall ar an Ghorta Mhór. Tógadh ansin é go dtí gur sroich sé ceithre bliana déag d'aois. Cionn is nach raibh móran airgid ag a theaghlach, d'inis sé bréag faoina aois agus chuaigh sé isteach in Arm na Breataine. Cuireadh go hÉireann é.

Níor fhan sé ach tamall beag san fhórsa. D'fhill sé ar Alban le cailín Protastúnach ar chas sé léi in Éirinn, agus pósadh iad. Bhí deacrachtaí aige post a choinneáil de bharr a chuid polaitíochta - bhí an sóisialachas ag fás sa cheantar sin agus bhí meas ag a lán daoine ar Shéamus agus é ina eagraí do Phairtí Neamhspleách an Lucht Oibre agus do Comhshnaidhm Shóisialach na hAlban. In 1896 tháinig tairiscint fostaíochta chuige ó chumann sóisialach i mBaile Átha Cliath. Bhí an tuarastal i gceart agus sheol sé go hÉirinn lena theaghlach óg féin.

Chaith sé seacht mbliana in Éirinn sula raibh air fágáil arís - chuaigh sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí sé ina bhall de cheardchumann d'arbh ainm Oibrithe Tionsclaíocha an Domhain (na 'Wobblies', mar is fearr aithne orthu) agus é ansin. Ag an am seo bhí an ceardchumannachas ag fás in Éirinn agus d'iarr Séamus Ó Lorcain ar an Chonghaileach filleadh ar Éirinn. Tháinig sé ar ais agus cuireadh ag obair é láithreach i mBéal Feirste do Cheardchumann na n-Oibrithe Iompair agus Ilsaothar. Rinne Séamus a sheacht ndícheall troid in éadan an tseicteachais ach níor éirigh leis sa deireadh.

I 1913 cuireadh Ó Lorcain faoi ghlas agus bhí ar Shéamus dul go Baile Átha Cliath chun a áit a ghlacadh sa choimhlint idir na hoibrithe agus na máistrí - tugadh an Frithdhúnadh Mór ar an cogadh aicmeach sin. Mhair an cath go dtí míonna luatha 1914; go grod ina dhiaidh thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Thuig Séamus gur thug gabháil na Breataine seans dó buille a bhualadh chun Éireann shaoir agus shóisialaí a thógáil. Bhí an tArm Cathartha, fórsa na n-oibrithe a cuireadh ar bun i rith an Frithdhúnta, reidh le réabhlóid a thosach. Shíl Séamus go mbeadh éirí amach in Éirinn mar inspioráid ag lucht oibre na hEorpa. Tháinig ceannairí Óglaigh na hÉireann chuige an iarraidh air fanacht go dtí an Cháisc. Bhí siadsan ag ullhmú le troid a dhéanamh ar son saoirse na hÉireann fosta.

Bhí mí-ádh orthu sular thosaigh an t-éirí amach. Gabhadh Ruairí Mac Easmainn in Iarthar na hÉireann agus chaill siad a lán gunnaí. Ar Luan na Cásca níor tháining ach 900 ball de Óglaigh na hÉireann amach, cé go raibh ballraíocht 20,000 acu. Chuaigh an t-éirí amach ar aghaidh ar scor ar bith, leis na hÓglaigh agus an 250 ball den Arm Cathartha. Mhair an comhrac cúig lá ach faoi dheireadh bhí an bua ag fórsaí na Breataine. Scaoileadh Séamus dha uair le linn na troda, sa chos agus ina ghéag. Ghéill ceannairí fhórsaí na Poblachta agus cuireadh Séamus chun báis ar an dara lá déag de mí Bealtaine, 1916.

Is laoch é Séamus Ó Conghaile chan amháin de bhrí gur ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca - ach cionn is go ndearna sé a sheacht ndícheall saolta agus coinníolacha an Lucht Oibre a fheabhsú agus ba chuma leis cén tír arbh as iad nó cén áit ina raibh sé féin. Cuimhneoimis íobairt an Chonghailigh ar son saoirse Lucht Oibre na hÉireann (agus an Domhain) agus muid ag déanamh ar an Phoblacht Shóisialach!